Pleanáil Teanga
Na Ceantair
Is Limistear Pleanála Teanga (LPT) mór fairsing é Tuaisceart Dhún na nGall ata comhdheanta as ceantracha Gaelteachta Fhánada, Ros Goill, Ghleann Bhairr, An Chraoslaigh, An Tearmainn & Ghleann Domhain.
Béarla
The Areas
North Donegal is a large and extensive Language Planning Area made up of the Gaeltacht areas of Fanad, Rosgoill, Glenvar, Creeslough, Termon & Glendowan.
Fís an Choiste
Is í an fhís atá ag Coiste Stiúrtha LPT Tuaisceart Dhún na nGall, trí bheith ag obair go dlúth le pobal an LPT, agus go háirithe leis an aos óg;
- go n-ardófar líon na gCainteoirí Laethúla Gaeilge sa LPT 2-3% le linn saolré an Phlean Teanga seo
- go mbeidh an Ghaeilge níos láidre mar theanga pobail sa LPT
- go mbeidh pobal an LPT ar fad níos coinsiasaí faoina roghanna teanga sa bhaile agus sa chomharsanacht d’fhonn níos mó deiseanna a thapú an Ghaeilge a úsáid sna réimsí ar fad atá ar fáil i LPT Tuaisceart Dhún na nGall
Béarla
Committee Vision
The vision of the North Donegal LPT Steering Committee, by working closely with the LPT community, and particularly with the youth; that the number of Daily Irish Speakers in the LPT will increase by 2-3% over the lifetime of this Language Plan that Irish will be stronger as a community language in the LPT
that the entire LPT community will be more conscious of their language choices in the home and neighbourhood in order to seize more opportunities to use Irish in all areas available in the North Donegal LPT

Coiste Stiúrtha LPT Tuaisceart Dhún na nGall
Roghnaíodh Céim Aniar CTR mar cheanneagraíocht Limistéar Pleanála Teanga Tuaisceart Dhún na nGall i Samhain 2015. Is eagraíocht phobail í Céim Aniar CTR a bunaíodh sa bhliain 2001 leis an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn i Ros Goill. Tá an-mhórán bainte amach ag an eagraíocht in imeachtaí teangabhunaithe don óige agus do dhaoine fásta.
Tuigeadh ón tús go raibh ceantar iontach fairsing i gceist le LPT Tuaisceart Dhún na nGall, agus go raibh gá thar na bearta dá bharr le comhoibriú i measc na ngrúpaí pobail agus i measc na ngníomhairí teanga éagsúla ins na ceantracha ar fad a chuimsíonn LPT Tuaisceart Dhún na nGall. Chomh maith le baill reatha Chéim Aniar, cuimsíonn an Coiste Stiúrtha baill de ghrúpaí poiblí eile an cheantair, lena n-áirítear: Gaeltacht Bheo Fhánada, Pleanáil Teanga an Tearmainn, Coiste Gaelach Ghleann Domhain agus Comhar Fhánada agus Ghleann Bhairr. Chomh maith leis na grúpaí seo, tá baint mhór ag baill an Choiste Stiúrtha le heagraíochtaí pobail an cheantair, institiúidí oideachais an cheantair, cumainn spóirt an cheantair, gnónna an cheantair agus go leor eile nach iad.
Béarla
North Donegal LPT Steering Committee
Céim Aniar CTR was selected as the lead organisation for the North Donegal Language Planning Area in November 2015. Céim Aniar CTR is a community organisation established in 2001 to preserve and promote the Irish language in Ros Goill. The organisation has achieved a great deal in language-based activities for young people and adults.
It was understood from the outset that North Donegal LPT covered a very large area, and that there was therefore a great need for collaboration among the community groups and among the various language actors in all the areas that North Donegal LPT encompasses. In addition to the current members of Céim Aniar, the Steering Committee includes members of other public groups in the area, including: Gaeltacht Bheo Fhánada, Pleanáil Teanga an Tearmainn, Coiste Gaelach Ghleann Dohhain and Comhar Fhánada agus Ghleann Bhairr. In addition to these groups, members of the Steering Committee are heavily involved with local community organizations, local educational institutions, local sports clubs, local businesses and many others.
Scoileanna
Ta an Polasaí don Oideachas Gaeltachta á chur i bhfeidhm i sé bhunscoil san LPT.
Béarla
Schools
The Gaeltacht Education Policy is being implemented in six primary schools in the LPT.
An Plean Teanga
Tugadh bonn reachtúil don phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht in Acht na Gaeltachta 2012. Sonraítear san Acht go mbronnfar stádas Gaeltachta ar chúinsí teangeolaíochta seachas ar chúinsí tíreolaíochta. Leagadh síos coinníollacha ins an Acht seo d’achan cheantar Gaeltachta plean teanga a réiteach ‘arb é is cuspóir leis socrú a dhéanamh maidir le méadú ar úsáid na Gaeilge i saol teaghlaigh, oideachais, poiblí, sóisialta, áineasa agus tráchtála (Rialtas na hÉireann, 2012: 13). Mura ndéantar amhlaidh, agus mura nglacfar leis, d’fhéadfadh an tAire ‘a dhearbhú le hordú nach limistéar Gaeltachta a thuilleadh an limistéar lena mbaineann.’ Tá 26 Limistéir Pleanála Teanga (LPT) ann le coistí stiúrtha agus Oifigigh Pleanála Teanga (OPT) iontu leis na pleananna teanga a chur i gcríoch.
Béarla
The Language Plan
The Gaeltacht language planning process was given a statutory basis in the Gaeltacht Act 2012. The Act states that Gaeltacht status will be granted on linguistic grounds rather than geographical grounds. The Act sets out conditions for each Gaeltacht area to prepare a language plan ‘the purpose of which is to make provision for the increase in the use of Irish in family, educational, public, social, recreational and commercial life’ (Government of Ireland, 2012: 13). If this is not done, and is not accepted, the Minister may ‘declare by order that the area concerned is no longer a Gaeltacht area.’ There are 26 Language Planning Areas with steering committees and Language Planning Officers to implement the language plans.
An Plean Teanga / The Language Plan
Teagmháil
Teagmháil / Contact
OPT: Michelle Nic Pháidin (074) 915 4830 083 8127294
email: opttuaisceartdnag@gmail.com
Lean muid / Follow us
LPT Thuaisceart Dhún na Ngall | Facebook
(@lpt_tuaisceart_dhun_na_ngall) • Instagram photos and videos

